Page contents Page contents Cláir mhaoiniúcháinBaineann saoránaigh uile na hEorpa agus daoine in áiteanna eile ar domhan tairbhe dhíreach nó indíreach as buiséad an Aontais. Cuidíonn sé leis na milliúin mac léinn, na mílte taighdeoirí agus go leor cathracha, réigiún agus eagraíochtaí neamhbhrabúis.Féadfaidh saoránaigh uile an Aontais iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú ón Aontas. Tá cláir mhaoiniúcháin éagsúla ag an Aontas Eorpach ar a bhféadfá iarratas a dhéanamh, ag brath ar an gcineál gnó nó tionscadail atá agat. Tá deiseanna maoiniúcháin ar fáil freisin trí chláir a chuirfidh na Ballstáit chun feidhme go díreach, an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, cuir i gcás, nó an Sásra um Aistriú Cóir. Sula ndéanann tú iarratas ar mhaoiniú, déan cinnte treoirlínte an ghlao a sheiceáil chun a fháil amach an bhfuil tú incháilithe.Tá critéir shonracha leagtha amach i ngach clár maoiniúcháin agus i ngach glao ar leith. Maidir le deontais, má tá do thionscadal inghlactha agus incháilithe, is gnáth go dtosaíonn an próiseas roghnúcháin le saineolaithe neamhspleácha a dhéanfaidh meastóireacht ar do thogra agus a scórálfaidh in aghaidh na gcritéar roghnúcháin agus bronnta é.Anseo thíos tá rogha de na próifílí tairbhí is coitianta a dhéanann iarratas ar mhaoiniú ón Aontas.Daoine ógaTá airgead ar fáil i mbuiséad an Aontais le haghaidh cláir shonracha chun tacaíocht a thabhairt do dhaoine óga taithí oibre a fháil nó dul ag staidéar thar lear. Tá cláir eile ann atá dírithe ar dhul i ngleic leis an dífhostaíocht i measc an aosa óig freisin.Go ginearálta, cuirtear na cláir seo ar fáil dóibh seo a leanasdaoine óga (13–31 bhliain d'aois)eagraíochtaí don óigepáirtithe leasmhara eile a bhíonn ag obair le daoine ógaBíonn na critéir shonracha le feiceáil sna glaonna maoiniúcháin aonair.Deiseanna maoiniúcháin do dhaoine ógaTaighdeoiríTá an taighde agus nuálaíocht chomh tábhachtach sin don straitéis fhadtéarmach atá ag an Aontas Eorpach go bhfuil cláir speisialta agus foinsí eile tacaíochta curtha ar fáil aige do thaighdeoirí ar fud na hEorpa.Is é Fís Eorpach, comharba Fís 2020, príomhchlár maoiniúcháin an Aontais don taighde. Tacaíonn sé le tionscadail taighde i neart réimsí éagsúla, atá idir lámha ag eagraíochtaí agus ag taighdeoirí aonair.Cláir mhaoiniúcháin agus glaonna oscailteFeirmeoiríMás feirmeoir nó bainisteoir talún thú, is dóigh go mbeidh tú i dteideal íocaíochtaí díreacha a fháil faoin gComhbheartas Talmhaíochta.Le bheith i dteideal maoiniú a fháil, ní mór duit coinníollacha áirithe a shásamh i dtaca le sláinte phoiblí, sláinte ainmhithe agus sláinte plandaí, an comhshaol agus leas ainmhithe. Is trí na húdaráis náisiúnta ábhartha i do thír féin a chuirtear an maoiniú ar fáil.Deiseanna maoiniúcháin le haghaidh feirmeoiríCuideachtaíTá maoiniú ón Aontas ar fáil le haghaidh fiontair d’aon mhéid in aon earnáil, lena n-áirítear fiontraithe, gnóthais nuathionscanta, micrifhiontair, fiontair bheaga agus mheánmhéide, agus gnólachtaí níos mó.Tugann an tAontas Eorpach tacaíocht do bhreis agus 200,000 gnólacht gach bliain. Féadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar dheontas nó páirt a ghlacadh i nós imeachta soláthair má tá gnó á reáchtáil agat nó eagraíocht ghaolmhar (cumainn ghnó, soláthraithe tacaíochta gnó, comhairleoirí, etc.) a reáchtálann tionscadail a chuireann leasanna an Aontais chun cinn, nó má chuireann tú le cur chun feidhme clár nó beartas de chuid an Aontais.Cuideachtaí a bhfuil suim acu i gconarthaí móra soláthair thionsclaíoch, d’fhéadfadh suim a bheith acu sna glaonna ar thairiscintí a sheoltar faoi chláir amhail ITER, Copernicus nó Galileo.Ina theannta sin, tá raon leathan maoiniúcháin ar fáil do chuideachtaí: iasachtaí gnó, micreamhaoiniú, ráthaíochtaí agus caipiteal fiontair.Tá tacaíocht á tabhairt go sonrach ag cláir an Aontais do mhicrifhiontair agus d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), a shainítear mar seo a leanas:Micrifhiontarníos lú ná 10 bhfostaíláimhdeachas bliantúil nó clár comhardaithe bliantúil nach mó ná €2 mhilliúnFiontar beagníos lú ná 50 fostaíláimhdeachas bliantúil nó clár comhardaithe bliantúil nach mó ná €10 milliúnFiontar meánmhéideníos lú ná 250 fostaíláimhdeachas bliantúil nach mó ná €50 milliún, nó clár comhardaithe bliantúil nach mó ná €43 mhilliúnTabhair faoi deara: Is le cuideachtaí aonair amháin a bhaineann na figiúirí sin. D’fhéadfadh sé nach gcáileodh cuideachta bheag do stádas FBM má tá acmhainní breise suntasacha aici i ngeall gur cuid de ghrúpa níos mó í.Chun tuilleadh eolais a fháil faoi chritéir incháilitheachta FBManna, féach:An treoir úsáideora maidir leis an Sainmhíniú ar FBMDeiseanna cistiúcháin le haghaidh gnólachtaí beagaComhlachtaí poiblí: cathracha agus réigiúinBíonn deiseanna éagsúla ar fáil do chomhlachtaí poiblí le maoiniú ón Aontas Eorpach a fháil, bídís gníomhach ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach nó náisiúnta. Ina measc, tá maoiniú i bhfoirm infheistíochta atá ceaptha cumas agus éifeachtúlacht na n-institiúidí a mhéadú agus maoiniú le haghaidh tionscadail áitiúla bhonneagair.Deiseanna maoiniúcháin do chomhlachtaí poiblíEagraíochtaí neamhrialtasachaTá eagraíochtaí neamhrialtasacha (ENRanna) agus eagraíochtaí neamhbhrabúsacha de chuid na sochaí sibhialta i dteideal maoiniú a fháil ón Aontas Eorpach i gcásanna ina mbíonn baint ag réimsí gníomhaíochta acu le beartais an Aontais Eorpaigh.Deiseanna maoiniúcháin do ENRannaEileAontachas don Aontas EorpachLeis an Ionstraim um chúnamh réamhaontachais (IPA II) déantar infheistiú i dtodhchaí na dtíortha is iarrthóirí agus i dtodhchaí an Aontais féin trí thacú le hathchóiriú i réimsí a bhaineann leis an straitéis don mhéadú, ar nós an daonlathais agus an rialachais, an smachta reachta, agus an fháis agus an iomaíochais.Cuidítear le feirmeoirí i dtíortha is iarrthóirí trí Ionstraim shonrach um Chúnamh Réamhaontachais don Fhorbairt Tuaithe, ionstraim ar chuid de IPA II í.An ghéarchéim eacnamaíochLeis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (CECD) tacaítear le daoine a bhfuil a bpost caillte acu de bharr mórathruithe struchtúracha i bpátrúin sa trádáil dhomhanda (an domhandú) – e.g. i gcás ina ndúntar cuideachta mhór nó ina socraítear an táirgeadh a dhéanamh i dtír lasmuigh den Aontas – nó de bharr na géarchéime eacnamaíche agus airgeadais domhanda.Is féidir leis an CECD cómhaoiniú a chur ar fáil do thionscadail lena gcuidítear le daoine post a fháil, lena gcuirtear comhairle maidir le gairm, oideachas, oiliúint agus athoiliúint, meantóireacht nó cóitseáil ar fáil, nó lena gcuirtear an fiontraíocht agus gnólachtaí nuathionscanta chun cinn. Ní chuireann an CECD cómhaoiniú ar fáil le haghaidh bearta cosanta sóisialta ar nós pinsean agus sochair dífhostaíochta.Is iad na Ballstáit amháin a fhéadann iarratas a dhéanamh ar chabhair ón gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú. Daoine aonair nó eagraíochtaí ionadaíocha nó fostóirí a bhíonn thíos le hiomarcaíochtaí agus ar mhaith leo a chinntiú go mbaineann oibrithe iomarcacha leas as tacaíocht ón CECD, ba cheart do na daoine sin teagmháil leis an duine teagmhála atá ag CECD sa Bhallstát ina bhfuil siad. Naisc ghaolmhara Sula ndéanfaidh tú iarratas: Maoiniú ón Aontas do thosaitheoiríAn próiseas iarratais