pFad - Phone/Frame/Anonymizer/Declutterfier! Saves Data!


--- a PPN by Garber Painting Akron. With Image Size Reduction included!

URL: http://commission.europa.eu/priorities-2024-2029/european-social-fairness_ga

iún chun feabhas a chur ar chaighdeáin mhaireachtála, chun an dlúthpháirtíocht a mhéadú agus chun dul i ngleic leis an neamhionannas agus leis an idirdhealú." /> Cothroime shóisialta Eorpach - An Coimisiún Eorpach Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach

Tacú le daoine agus ár sochaithe agus ár múnla sóisialta a neartú

Forléargas

Tá múnla sóisialta uathúil na hEorpa bunaithe ar rathúnas a chruthú agus a chinntiú ag an am céanna nach bhfágfar aon duine ar lár. Tá go leor bainte amach againn, ach tá obair fós le déanamh. Bhí tionchar ag na géarchéimeanna a tharla le blianta beaga anuas ar chaighdeáin mhaireachtála go leor Eorpach. Tá easpa tithíochta inacmhainne, rochtain ar sheirbhísí riachtanacha, bochtaineacht agus neamhionannais deiseanna ag bagairt dochar a dhéanamh do na ceangail a choinníonn le chéile muid.

Leanfaidh ár sochaithe agus ár ngeilleagair de bheith ag forbairt. Ciallaíonn sé sin go gcaithfimid ár n-iarrachtaí a dhíriú ar cháilíocht na beatha a thaitníonn linn inniu a chothú agus a fheabhsú. Sna cúig bliana amach romhainn, oibreoidh an Coimisiún Eorpach chun cothroime shóisialta a chur chun cinn, comhtháthú sóisialta agus réigiúnach a neartú, agus comhdheiseanna a chinntiú do chách.

An méid a cheapann muintir na hEorpa

Measann 88%
de mhuintir na hEorpa go bhfuil tábhacht phearsanta ag baint le hEoraip shóisialta
Creideann 54%
go mbeidh Eoraip níos sóisialta ann faoi 2030
Creidtear gurb é an caighdeán maireachtála
an tosaíocht shóisialta is tábhachtaí don Aontas

Cuspóirí

  • Icon_orange
    Deiseanna, cobhsaíocht agus folláine a chur ar fáil do chách
  • Icon_orange
    Ár múnla margaidh shóisialta a neartú

    chun aistriú cothrom a chinntiú do chách

  • Icon_orange
    Dul i ngleic leis an neamhionannas, leis na héagothromaíochtaí réigiúnacha agus leis an idirdhealú

An chaoi a mbainfimid ár gcuspóirí amach

Sna blianta amach romhainn, oibreoimid orthu sin ar na bealaí seo a leanas:

Cothroime shóisialta a chur chun cinn sa gheilleagar nua-aimseartha

Ár sochaithe a athaontú agus tacaíocht a thabhairt do na daoine óga

Aontas an chomhionannais a thógáil

An dul chun cinn go dtí seo

Déan monatóireacht ar dhul chun cinn tionscnamh nua, dlíthe atá beartaithe agus athruithe reachtacha faoin tosaíocht seo, lean iad, agus coinneáil cothrom le dáta leo

  1. Márta 2025
    Síniú Comhshocraithe chun an t-idirphlé sóisialta a neartú san Eoraip

    Chuir an Coimisiún i láthair aontas na scileanna, plean chun oideachas, oiliúint agus foghlaim ar feadh an tsaoil ar ardchaighdeán a fheabhsú

    Síníodh Comhaontú comhpháirteach nua maidir le hidirphlé sóisialta Eorpach chun ról na gcomhpháirtithe sóisialta a neartú maidir le margadh an tsaothair, fostaíocht agus beartais shóisialta a mhúnlú

  2. Eanáir 2024
    Cruinniú Mullaigh na gComhpháirtithe Sóisialta Val Duchesse

    Cruinniú Mullaigh Val Duchesse: Thug an tAontas agus na comhpháirtithe sóisialta gealltanas an t-idirphlé sóisialta a neartú

  3. Samhain 2023
    Bhunaigh an Coimisiún líona de chuid an Aontais Eorpaigh um fhoréigean inscne agus foréigean teaghlaigh a chosc

I lár an aonaigh

Cé atá i gceannas

Portrait of Roxana Mînzatu

An Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin um Chearta Sóisialta agus Scileanna, um Poist Ardcháilíochta agus um Ullmhacht

Portrait of Raffaele Fitto

An Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin um Chomhtháthú agus Athchóirithe

Portrait of Hadja Lahbib

An Coimisinéir um Chomhionannas; Ullmhacht agus Bainistíocht Ghéarchéime

Portrait of Michael McGrath

An Coimisinéir um an Daonlathas, an Ceartas agus an Smacht Reachta agus um Chosaint Tomhaltóirí

Portrait of Glenn Micallef

An Coimisinéir um Chothroime Idirghlúine, um an Óige agus um Chultúr agus Spórt

pFad - Phonifier reborn

Pfad - The Proxy pFad © 2024 Your Company Name. All rights reserved.





Check this box to remove all script contents from the fetched content.



Check this box to remove all images from the fetched content.


Check this box to remove all CSS styles from the fetched content.


Check this box to keep images inefficiently compressed and original size.

Note: This service is not intended for secure transactions such as banking, social media, email, or purchasing. Use at your own risk. We assume no liability whatsoever for broken pages.


Alternative Proxies:

Alternative Proxy

pFad Proxy

pFad v3 Proxy

pFad v4 Proxy