pFad - Phone/Frame/Anonymizer/Declutterfier! Saves Data!


--- a PPN by Garber Painting Akron. With Image Size Reduction included!

URL: http://commission.europa.eu/priorities-2024-2029/global-europe_ga

i a bhfuil dlús á chur ag an gCoimisiún leis an méadú, an caidreamh atá againn lenár gcomharsana á neartú, beartas eachtrach eacnamaíoch nua á bhunú agus an t-iltaobhachas á athmhúnlú." /> An Eoraip dhomhanda - An Coimisiún Eorpach Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach

An Eoraip dhomhanda: ár gcumhacht agus ár gcomhpháirtíochtaí a ghiaráil

Forbhreathnú

Tá athrú as cuimse tagtha ar an domhan le blianta beaga anuas. Fogha na Rúise faoin Úcráin, an cogadh in Gaza agus teacht chun cinn sraithe nua gníomhaithe údarásaíocha atá ag obair chun deighilt a chur agus atá ag iarraidh ord idirnáisiúnta malartach a chruthú, staidiúir níos ionsaithí agus iomaíocht eacnamaíoch éagórach ón tSín, níl sa mhéid sin ach roinnt bheag de na samplaí a léiríonn nach mór don Aontas a bheith níos teanntásaí agus a leasanna á saothrú aige.

Oibreoidh an Coimisiún Eorpach chun a chinntiú go mbeidh beartas eachtrach agus slándála an Aontais oiriúnach chun dul i ngleic leis na dúshláin a bhaineann leis an saol mar atá faoi láthair. Déanfaimid ord idirnáisiúnta riailbhunaithe a chosaint agus a chur chun cinn agus déanfaimid iarracht ról na n-institiúidí domhanda a neartú. Ar an gcaoi sin, seasfar le luachanna na hEorpa, agus seasfaidh an Eoraip an fód go láidir i ndomhan atá níos conspóidí agus níos éagobhsaí ná riamh.

An méid a cheapann muintir na hEorpa

69%
is é sin an líon de shaoránaigh an Aontais atá i bhfabhar comhbheartais eachtraigh
67%
is é sin an líon daoine a aontaíonn gur láthair chobhsaíochta é an tAontas i ndomhan suaite
69%
is é sin an líon daoine a aontaíonn go bhfuil uirlisí leordhóthanacha ag an Aontas chun a leasanna eacnamaíocha a chosaint sa gheilleagar domhanda

Cuspóirí

  • Icon_dark_blue
    An tAontas Eorpach a mhéadú

    chun ár dtionchar ar an leibhéal domhanda a mhéadú

  • Icon_dark_blue
    Díriú ar ár gcomharsanacht níos leithne

    chun an tsíocháin, comhpháirtíochtaí agus cobhsaíocht eacnamaíoch a chur chun cinn

  • Icon_dark_blue
    Beartas eachtrach eacnamaíoch nua a shaothrú

    chun borradh a chur faoin rathúnas, faoin gcumhacht trádála agus faoi chomhpháirtíochtaí comhthairbheacha

  • Icon_dark_blue
    An córas idirnáisiúnta a athchóiriú

    chun é a chur in oiriúint do shaol an lae inniu

An chaoi a mbainfimid ár gcuspóirí amach

Méadú mar riachtanas geopholaitiúil

Cur chuige níos straitéisí i leith ár gcomharsanachta

Beartas eachtrach eacnamaíoch nua

An t-iltaobhachas a athmhúnlú do dhomhan an lae inniu

An dul chun cinn go dtí seo

Déan monatóireacht ar dhul chun cinn tionscnamh nua, dlíthe atá beartaithe agus athruithe reachtacha faoin tosaíocht seo, lean iad, agus coinneáil cothrom le dáta leo.

  1. Iúil 2025

    Tháinig an tAontas agus an Mholdóiv ar chomhaontú maidir le caidreamh trádála nuachóirithe

  2. Meitheamh 2025

    Leag an tAontas amach straitéis dhigiteach idirnáisiúnta chun oibriú le comhpháirtithe ar fud an domhain ar mhaithe le tacú lena n-aistrithe digiteacha.

    Tháinig an tAontas agus an Úcráin ar chomhaontú i bprionsabal maidir le caidreamh trádála nuachóirithe

  3. Bealtaine 2025

    Ghlac an tAontas straitéis le haghaidh réigiún cobhsaí slán na Mara Duibhe

    Shínigh an tAontas agus Singeapór Comhaontú Trádála Digití cinniúnach

  4. Aibreán 2025

    Mhol an Coimisiún clár cuimsitheach tacaíochta ilbhliantúil, a bhfuil suas le €1.6 billiún i gceist leis, chun tacú le téarnamh agus athléimneacht na Palaistíne

    Ag an gcéad chruinniú mullaigh idir an tAontas agus an Áise Láir, tháinig ceannairí ar chomhaontú maidir le comhpháirtíocht straitéiseach

  5. Márta 2025

    Thug an tAontas agus Poblacht na Cóiré caibidlíocht i gcrích maidir le Comhaontú Trádála Digití.

    Gheall an tAontas €2.5 billiún chun tacú leis an tSiria agus leis an réigiún ag Comhdháil na Bruiséile

  6. Eanáir 2025

    Tugadh Comhaontú Domhanda nuachóirithe i gcrích le Meicsiceo

  7. Nollaig 2024
  8. 1 Bealtaine 2024

    Rinne an tAontas 20 bliain ó mhéadú 2004 a cheiliúradh

I lár an aonaigh

Cé atá i gceannas

Portrait of Kaja Kallas

An tArdionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus Leas-Uachtarán

Portrait of Maroš Šefčovič

An Coimisinéir um an Trádáil agus Slándáil Eacnamaíoch, agus an Caidreamh agus an Trédhearcacht Idirinstitiúideach

Portrait of Jozef Síkela

An Coimisinéir um Chomhpháirtíochtaí Idirnáisiúnta

pFad - Phonifier reborn

Pfad - The Proxy pFad © 2024 Your Company Name. All rights reserved.





Check this box to remove all script contents from the fetched content.



Check this box to remove all images from the fetched content.


Check this box to remove all CSS styles from the fetched content.


Check this box to keep images inefficiently compressed and original size.

Note: This service is not intended for secure transactions such as banking, social media, email, or purchasing. Use at your own risk. We assume no liability whatsoever for broken pages.


Alternative Proxies:

Alternative Proxy

pFad Proxy

pFad v3 Proxy

pFad v4 Proxy