An spás spraoi-fhoghlama
Más dalta bunscoile nó meánscoile tú, tiocfaidh tú ar chluichí, comórtais agus leabhair ghníomhaíochta anseo chun cabhrú leat eolas a chur ar an Aontas ar bhealach spraíúil sa seomra ranga nó sa bhaile. Is féidir leat tuilleadh a fhoghlaim freisin faoi staidéar nó obair dheonach a dhéanamh i dtír eile.
An spás teagaisc agus líonraithe
Más múinteoir tú agus más mian leat cabhrú le do dhaltaí eolas a chur ar an Aontas Eorpach agus ar an mbealach a fheidhmíonn sé, is foinse ábhar teagaisc é seo do gach aoisghrúpa. Chomh maith le hinspioráid a fháil do phleananna ceachta, is féidir leat freisin deiseanna líonraithe a aimsiú le scoileanna agus múinteoirí eile ar fud an Aontais.
I ngach teanga den Aontas
Tá Cúinne na Foghlama ar fáil i ngach ceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh. Roghnaigh an teanga is rogha leat ag barr an leathanaigh.
Discover more

Tabhair geábh siar san am chun eolas a chur ar thréimhsí tábhachtacha sa stair, ar fhionnachtana, ar mhór-imeachtaí sa spórt agus sa tsochaí agus ar neart eile. Go leor de na nithe sin, tá lorg acu fós ar an Aontas Eorpach sa ré seo

Aimsigh scoileanna le dul i gcomhar leo, múinteoirí lenar féidir leat do thaithí a roinnt, seimineáir agus tuilleadh eolais a chuireann líonraí Eorpacha ar fáil.

Eolas maidir le malartuithe, scoláireachtaí, obair dheonach, cúrsaí oiliúna, poist, cuairteanna ar institiúidí an Aontais Eorpaigh, agus go leor deiseanna eile do dhaoine óga.
What's new

Ón 13 go dtí an 18 Deireadh Fómhair, déanfaidh an Eoraip ceiliúradh ar Laethanta Erasmus! Cláraigh d’imeacht ar https://www.erasmusdays.eu/organize-an-event/ agus roinn do chuid cuimhní le #ERASMUSDAYS

An 26 Meán Fómhair gach bliain, tagann an Eoraip le chéile chun Lá Eorpach na dTeangacha a cheiliúradh. Le 24 theanga oifigiúla de chuid an Aontais, chomh maith le go leor teangacha réigiúnacha agus mionlaigh, tá meascán bríomhar guthanna agus cultúr ag an Eoraip. nascann siad daoine le chéile, osclaíonn siad doirse do dhomhan nua agus d’eispéiris nua.

Lá sona na múinteoirí daoibh!